Tipp Fm Radio

Ar An Lá Seo 11-9-25

Informações:

Sinopsis

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 11ú lá de mí Mheán Fómhair, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1972 bhí teannas ann idir na Gardaí agus an R.U.C. Ar an teorainn agus de bharr sin cheap siad nach mbeadh drong a fhuadaigh muc, sáinnithe. I 1999 tháinig sé amach go raibh feirmeoirí sa tír chun 1.7 billiúin punt a fháil faoi phlean nua don EU. I 2001 chuaigh óstán Grants I Ros Cré faoi athchóiriú agus bhí sé ar dhíol. Bhí 25 seomra leapa ann, bhí Kittys Tavern teach tábhairne agus bialann Lemon Tree a raibh a lán gradam acu. Bhí áiseanna comhdhála ann chomh maith do 600 duine. I 2008 rinne an Chlub GAA Burgess iarratas chuig comhairle contae Tiobraid Árann I gcóir cead pleanála I gcóir forbairt nua. Bhí siad ag iarradh áis dhá stór dá seomra gléasta le seomra traenáil, seomra do fhisiteiripe, seomra cruinnithe agus I bhfad níos mó san Aonach Urmhumhan. Sin The Vengaboys le We're Going To Ibiza – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1999. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1977 t